Tá an ainm an choill le feiceáil sa bhfocal ‘collóireacht’, an phisreog a bhí (agus atá fós) ann chun uisce a aimsiú faoi thalamh. D’úsáidtí gabhlóg coill (géag coill le gabhal ann) leis an uisce a aimsiú. Ní uisce amháin a d’aimseofá le gabhlóg choill. Bhí collóir críonna ó Chontae Liatroma in ann gual, ór, agus fiú ola a aimsiú, ag brath ar cén treo a bhogadh an ghabhlóg.