An Fhearnóg
Alnus glutinosa
Ní lobhann adhmad na fearnóige go héasca nuair a bhíonn sé fliuch, agus mar sin d’úsáidtí é i mbáid, i loc-chomhlaí i gcanálacha, gradhanna cósta, agus mar phíopaí uisce. Is as adhmad fearnóige a dhéantaí sálaí na bpaitíní (bróga adhmaid) in Éirinn go deireadh an 19ú haois.