An Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Bhí ádh agus mí-ádh ag dul don sceach gheal. Ba droch-chomhartha é craobh den sceach a thabhairt isteach sa teach i mBaile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí, go háirithe agus é faoi bhláth. Ach Lá Bealtaine i gCeann Trá sa gcontae céanna thugtaí an sceach gheal isteach, d'fhuichtaí é, agus thugtaí an leacht d'ainmhithe dá mbeadh galar orthu.