]Déantar uirlisí ceoil, cláirseacha agus veidhlíní ina measc (go háirithe cúil veidhlín), as adhmad na mailpe freisin.[4] Ní fios go baileach cén speiceas de chrann a d’úsáid Antonio Stradivari chun a chuid veidhlíní clúiteacha, na stradivarii, a dhéanamh, ach is adhmad ó mhailp de chineál éigin a bhí ann—an mhailp nó an mhailp Lochlannach, ceaptar (chomh maith le hadhmad ó speicis eile crainn).