Plandaí sa ngéineas Betula
Tugtar beitheanna ar na crainn agus na sceacha atá sa ngéineas Betula. Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn: an bheith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Bíonn difríochtaí moirfeolaíocha idir beitheanna difriúla, agus glactar leis go hibridíonn an dá speiceas lena chéile freisin, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cé chomh forleathan a tharlaíonn sé seo agus cé chomh fairsing atá an bheith hibrideach (Betula pendula x pubescens nó Betula x aurata) in Éirinn.[1, 2] Dá thoradh seo, bíonn crainn le tréithe atá idirmheánach idir an dá speiceas ann agus bíonn sé deacair uaireanta na speicis éagsúla a aithint óna chéile.
Ach is iondúil gur féidir an dá speiceas de bheith a aithint óna chéile mar go mbíonn ribí beaga gruaige ar ghéaga na beithe clúmhaí agus bíonn géaga na beithe gile neamhchlúmhach. Bíonn difríochtaí beaga i gcruth na duilleoige agus i ndath na coirte freisin.