Crainnte
Is iomaí sainmhíniú atá ar chrann. Ní bhíonn sé éasca uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir crainn agus sceacha, agus ní ar aon intinn atá gach duine ar céard is crann ann agus céard é sceach. Is iondúil gur planda adhmadach ilbhliantúil (maireann sé níos faide ná bliain amháin) é crann, le príomh-stoc láidir as a dtagann na craobhacha tánaisteacha. Bíonn go leor stoic ag sceacha—ní bhíonn sé soiléir cá bhfuil an príomh-stoc, má tá ceann ann ar chor ar bith.
Is minic go mbreathnaíonn an draighean (Prunus spinosa), sceach ilstocach a scaipeann go héasca, cosúil leis an sceach gheal (Crataegus monogyna), planda le bláthanna bána a osclaíonn go luath tar éis bláthanna bána an draighin. Tugtar sceach ar an sceach gheal ach, má bhreathnaítear go cúramach uirthi, is ó stoc amháin tiubh láidir a thagann na craobhacha, agus uaireanta déanann an sceach gheal crann beag. Ar an lámh eile, is minic go mbíonn go leor stoc ag an gcoll agus ag an gcaorthann, ach tugtar crainn orthu.
Tagann airde an phlanda i gceist freisin—ní bhíonn airde mhór ag an bhfeoras (Euonymus europaeus), cé go mbíonn stoc soiléir aige go minic. Breathnaítear ar an bplanda dúchasach seo mar sceach, seachas mar chrann, an chuid is mó den am.
Dár ndóigh, braitheann sé ar an ngnáthóg ina bhfásann an planda ar sceach nó crann é freisin. Is ar éigean go dtabharfá sceacha féin ar chuid de na crainn bheaga fheoite a fhásann i gConamara nó sa mBoirinn, cé go ndéanfadh na speicis chéanna crainn mhóra arda ghalánta i gcréafóg dhomhain shaibhir Cill Chainnaigh nó Chill Mhantáin. Tá tionchar láidir ag an aeráid agus ag an ithir ar an gcuma a bhíonn ar chrann nó ar sceach.
Tá cineálacha sínte de chrainn agus de sceacha ann freisin. Cé go dtugtar crann ar an aiteal (Juniperus communis), ní chuirfeá an planda beag seo, nach bhfásann níos airde ná 3 nó 5 mhéadar, sa gcatagóir céanna leis an dair (Quercus spp.) agus an fhuinseog (Fraxinus excelsior). Ach tá cineál sínte den aiteal ag fás ar leacracha eibhir Chonamara nach bhfásann níos airde ná roinnt ceintiméadar. Tá an rud céanna amhlaidh leis an draighean fearna (Frangula alnus), a fhásann go 6 mhéadar i lár na tíre, ach a bhfuil leagan sínte de ag fás sa mBoirinn.