Blúiríní: Ainmneacha ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Ainmneacha + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Ainmneacha Airde Gnáthóg Toradh Tréithe Stádas: Dúchasach + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Ainmneacha An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Cé gur ceann de luibheanna Eoin Baiste (Hypericum spp.) é an meas torc allta, is le Colm Cille nó leis an Mhaighdean Mhuire is mó a luaitear an planda. Ciallaíonn androsaemum “fuil an fhir”, agus is tagairt é de dhath sú an phlanda, sin nó do spotaí dearga na mbláthanna. Ainmneacha Leigheas An Meas Torc Allta Hypericum androsaemum Is iomaí úsáid a bhaintí as an meas torc allta mar luibh leighis. Is ón bhFraincis (tout-saine, a chiallaíonn leigheas ar gach rud) a thagann ainm Béarla an phlanda, tutsan, léiriú ar úsáid an phlanda mar chógas leighis. Ainmneacha Logainmneacha An Roithleog Myrica gale Is ó fhocal Gréigise a chiallaíonn ‘cumhra’ a thagann an t-ainm Myrica in ainm eolaíoch na roithleoige. Cé nach bhfuil mórán plandaí eile in Éirinn leis an oiread sin ainmneacha éagsúla orthu, ní léir gur thug an sceach mórán de na hainmneacha seo do logainmneacha na hÉireann. Tá Ciob Roideoige (Cíb na Raideog) i gContae Mhuineacháin agus deir Williams gur Crois na Roideog an seanainm a bhí ar Chrois Chúil Aodha, Contae Chorcaí.Seachas sin, ní fheictear go bhfuil mórán áiteanna eile ainmnithe in ómós an phlanda suntasach seo. Ainmneacha Tréithe Airde An Crann Sníofa Salix aurita In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal í an crann sníofa. Is iondúil gur idir 60-200 cm ar airde a bhíonn sí. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sí in áiteanna feannta. Ainmneacha An Cuileann Ilex aquifolium Tugtar ‘cuileann na gcaortha’ ar an gcuileann nuair a bhíonn torthaí air, agus ‘cuileann Muire’ ar na gearrthóga cuilinn feoite a bhíonn fágtha thart tar éis na Nollag. Ainmneacha Logainmneacha An Péine Albanach Pinus sylvestris Tugtar giúis ar an bpéine Albanach freisin, cé gurb í giúis an t-ainm caighdeánach atá ar na crainn sa ngéineas Abies (fir i mBéarla). Is giúis nó giúsach phortaigh an focal atá ar an adhmad sin a fhaightear sna portaigh in Éirinn. Is iarsmaí iad seo de na crainn a d’fhás sna gnáthóga sin fadó. Cé gur crainn phéine a bhí i gcuid acu, bhí daracha ina measc freisin. Níl giúis mórán le feiceáil i logainmneacha na tíre, cé go bhfuil Mín an Ghiúis i gContae Dhún na nGall. Tá na focail giubhas, giuthas, nó giús níos coitianta i logainmneacha na hAlban, áit a raibh an crann i bhfad níos fairsinge. Ainmneacha Gnáthóg An Dair Ghaelach Quercus petraea Tá an dair ghaelach compordach i gcréafóg atá aigéadach agus draenáilte go maith. Níl doimhneacht mhór chréafóige ag teastáil uaithi (ciallaíonn petraea ‘clochach’, tagairt den ghnáthóg choitianta ina bhfásann sí), agus tá sí níos scáthfhulangaí ná mar atá an dair ghallda. Ainmneacha An tAiteal Juniperus communis Seachas gur dhá sceach shíorghlas, dheilgneach iad an t-aiteal agus an t-aiteann (Ulex spp.), ní bhreathnaíonn an dá phlanda cosúil lena chéile. Ach luaitear an t-ainm ‘aiteann’ agus focail chomhchosúla leis an aiteal. Tugtar ‘aiteanach’ (nó ‘aiteannach’) ar an aiteann agus ar an aiteal, glaoitear ‘caora aiteanaigh’ (agus ‘caor aitinn’) ar bhuaircíní an aitil, i nDún na nGall. Tá ‘aitinn’, ‘aitiunn’ agus ‘aiteil’ ar an aiteal i nGaeilge na hAlban freisin. Ainmneacha An tAiteal Juniperus communis Tá roinnt ainmneacha eile luaite leis an aiteal, rud atá spéisiúil do chrann nach bhfuil chomh fairsing sin. Tá aiteann, aitiol, bearnán Brighde, biora leacra, iubhar Craige , iubhar talmhan, agus iubhar beinne ar fad ag foclóir Lane don chrann. Tá aitin, aiteil, aitiol, agus bior leacain ag Cameron. Tá iubhar-talamh ag Cameron freisin, don chrann sínte. Dar leis, tháinig bior leacain as ‘Arran’. Stair Ainmneacha An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Thugtaí an t-ainm Laidine planta genista ar an ngiolcach shléibhe ar Mhór-roinn na hEorpa, agus is é a bhí mar shuaitheantas araltais ag clann ríoga in Anjou na Fraince sna Meánaoiseanna. Is mar gheall ar sin a shocraigh siad Plantagenet a thabhairt orthu féin, agus bhí siad i gceannas ar Shasana, agus cuid den oileán seo, ó 1154 go 1485. Ainmneacha An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Maítear go dtagann an focal ‘beith’ ón bhfocal Gaillise don chrann, ‘betu’, agus go bhfuil gaol aige leis an bhfocal ‘bitumen’. Dhéantaí tarra as coirt an chrainn atá cosúil le biotúman. Ainmneacha An Bheith Gheal Betula pendula Faigheann an bheith gheal an t-ainm pendula (san ainm eolaíoch) toisc go mbíonn cuma shilte ar an gcrann. Tugtar an bheith gheal uirthi mar gheall ar ghileacht na coirte. Ainmneacha Dáileadh An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Breathnaíonn sí an-chosúil leis an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia), ceann de na saileacha is fairsinge in Éirinn. Tugtar an tsaileach liath uirthi mar gheall ar dhath liath na ribí gruaige a bhíonn ar thaobh íochtarach na nduilleog. Ainmneacha Toradh An Chaithne Arbutus unedo Cé go bhfuil torthaí na caithní searbh, tá siad inite. B’fhéidir gurbh é sin an chúis leis an ainm eolaíoch, unedo, a chiallaíonn “ith ceann amháin”, rud nár stop na bochtáin iad a ithe san iardheisceart.