Eolas faoi Flóra an Oileáin
Tugann an suíomh seo léargas ar phlandaí in Éirinn. Tá an suíomh dírithe den chuid is mó ar phlandaí le bláthanna, ach tá raithneach agus feamainn ann freisin.
Planda an Lae


Tagraíonn gnáthóg don timpeallacht nádúrtha nó shaorga ina bhfuil rud beo ag maireachtáil. Cuimsíonn an coincheap rudaí fisiciúla, neamhbheo, amhail an aeráid, an chréafóg agus topagrafaíocht na háite, chomh maith le fachtóirí bitheolaíochta, lena n-áirítear speicis éagsúla atá le fáil sa limistéar sin.
Soláthraíonn gnáthóga na hacmhainní agus na coinníollacha sin atá ag teastáil le gur féidir le rudaí beo maireachtáil, fás, agus iomadú. Tógtha le chéile, cuimsíonn na gnáthóga éagsúla atá timpeall orainn an timpeallacht, nó an t-éiceachóras, ar a bhfuil muid, agus gach rud eile atá beo, ag brath.
Bíonn plandaí in oiriúint don ghnáthóg ina bhfuil siad ag fás. Tá sé seo amhlaidh mar go ndearna siad éabhlóid le go mbeadh siad in ann ag coinníollacha na gnáthóige, nó mar gur comhtharlú é go bhfuil tréith éicint acu a chabhraíonn leo flúirsiú sna coinníollacha sin.
Gnáthóg na Míosa
