An Leamhán Mion
Ulmus minor

🍃Duilleog:
📏Airde:
🎨Bláth:
🌻Pailniú:
Tréimhse Faoi Bhláth

Ceaptar gur comhbhailiú de speicis, de fhospeicis, agus de hibridí difriúla é an leamhán mion agus tá luibheolaithe fós ag dul i ngleic leis na castachtaí a bhaineann leis an ngrúpa plandaí seo. Cé nach bhfuil an crann duillsilteach seo dúchasach in Éirinn, tá sé fairsing ar an oileán, seachas ar chósta an iarthair.

Is iondúil gur ar thalamh saibhir, go háirithe ar thuilemhánna, a fhásann an leamhán mion. Tá go leor foirmeacha éagsúla den chrann seo ann, agus hibridíonn sé le leamhán dúchasach na hÉireann, an leamhán sléibhe, freisin. Cosúil leis na leamháin ar fad, rinne an galar Dúitseach leamhán scrios ar an leamháin seo agus níl mórán crann lánfhásta fágtha. Ach cuireann fréamhacha an chrainn seo meatháin nua aníos go rialta—fásann siad go dtí go mbíonn an crann sách aibí go mbuaileann an galar arís é.

Ainmneacha GaeilgeLeamhán Mion
Ainmneacha BéarlaField Elm

Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas in Ulmus, géineas na leamhán, ach tá sé deacair theacht ar fhigiúr cruinn. Ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Le rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca.

Is iondúil go ndéantar trí mhórghrúpa de leamháin—Ulmus laevis (an leamhán bán Eorpach), Ulmus glabra (an leamhán sléibhe), agus Ulmus minor (an leamhán mion). Is é an leamhán sléibhe an t-aon cheann acu ar féidir speiceas, sa míniú traidisiúnta, a thabhairt air. Tá iliomad cineálacha U. minor agus U. laevis ann.[1]

Cé go ndéantar tagairt go minic don leamhán coiteann nó don leamhán gallda (Ulmus procera) mar speiceas ann féin, níl sa gcrann sin ach cineál ar leith den leamhán mion.[2] Go deimhin, is clón é an leamhán gallda a thug na Rómhánaigh go Sasana, agus d’eascair gach crann den chineál sin ó ghearrthóga, a tógadh sa deireadh thiar ón mbunchrann sin, 2,000 bliain ó shin.[3] Cé go dtáirgeann an leamhán gallda pailin, ní bhíonn na síolta inmharthana agus ní féidir leis iomadú.

Is hibrid é an leamhán Dúitseach (Ulmus x hollandica) idir an leamhán sléibhe agus an leamhán mion. Níl an Galar Dúitseach Leamhán teoranta don leamhán Dúitseach. Níl ann ach go bhfuair sé an t-ainm sin mar gur san Ísiltír a tugadh aitheantas don ghalar den chéad uair.

Tháinig an leamhán sléibhe go hÉirinn 9,000 bliain ó shin, in éineacht leis an dair, an fhuinseog agus an fhearnóg. [13] Is i lár na tíre is mó a d’fhás sé, in éineacht leis an dair. Nuair a dhéantar staidéar ar phátrún stairiúil pailine, feictear laghdú mór i bpailin an leamháin 5,000 bliain ó shin. Cé go raibh crainn leamháin á ngearradh ag daoine chun talamh a chur ar fáil d’fheirmeoireacht (mar go raibh siad ag fás ar thalamh maith), ceaptar gur galar ba chúis le meath an leamháin ag an am. Is leid é seo dúinn go mb’fhéidir go raibh an leamhán leochaileach do ghalair agus go raibh ionsaithe rialta á ndéanamh ar an gcrann ar feadh na mílte bliain.[6]

Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh.[2]

Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír. Níor fhulaing an leamhán sléibhe chomh dona sin. Is iad ciaróga beaga (ciaróg choirte an leamháin (Scolytus scolytus), ina measc) a scaipeann an fungas. Cé go bhfuil an leamhán sléibhe níos leochailí don ghalar fhéin, is fearr leis na ciaróga coirt an leamháin ghallda.

Tá buntáiste eile ag an leamhán sléibhe. Is fearr leis na ciaróga coirt a bhíonn idir 5-8 mm tiubh. Faoin am a bhíonn an tiús seo bainte amach ag coirt an leamháin shléibhe, bíonn sé in ann iomadú. Dá bhrí sin, is féidir leis na leamháin scaipeadh, fiú má mharaíonn an t-ionfhabhtú iad tar éis dóibh iomadú.[2]

Anuas ar sin, níl an chiaróg sin chomh coitianta sin ar thalamh ard, agus is ann anois a fhaightear formhór na leamhán in Éirinn.

Plandaí Gaolmhara